Léann an Aistriúcháin (mar ábhar ar GY101)
Cód CAO: GY101
Forléargas ar an gCúrsa
Ábhar roghnach ar an gCéim BA Onóracha Dhá Ábhar (GY101) is ea Léann an Aistriúcháin, a bhíonn á theagasc go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus a mhaireann ar feadh trí bliana. Cabhróidh an t-ábhar céime seo leat forbairt a dhéanamh mar dhuine atá in ann machnamh go criticiúil agus grinnanailís a dhéanamh ar réimse leathan ábhar. Ina theannta sin, má roghnaíonn tú Léann an Aistriúcháin, bainfidh tú sult agus taitneamh as an meascán tomhaiste den staidéar acadúil agus den oiliúint phraiticiúil a gheobhaidh tú san aistriúchán agus i gcruinnscríobh na Gaeilge.
Dhá rogha foghlama
Más spéis leat céim i réimse an aistriúcháin tá dhá rogha agat: staidéar a dhéanamh ar Léann an Aistriúcháin mar ábhar roghnach sa BA Onóracha Dhá Ábhar (GY101) in imeacht trí bliana, nó an BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) a bhaint amach in imeacht ceithre bliana, le bliain taithí oibre sa tríú bliain. Ag brath ar do chuid torthaí sa Chéad Bhliain agus do chuid pointí CAO, beidh deis agat aistriú sa Dara Bliain go dtí an chéim ainmnithe BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin), má thograíonn tú é. An buntáiste a bhaineann leis an gcur chuige solúbtha seo ná nach gá duit d’intinn a shocrú ar fad go dtí go mbeidh an Chéad Bhliain curtha i gcrích agat. Má roghnaíonn tú Léann an Aistriúcháin mar ábhar, beidh teacht agat ar a lán ábhar eile; ina measc siúd tá Gaeilge, Béarla, Eacnamaíocht, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Léann na Cumarsáide, Matamaitic, Spáinnis, Stair, agus Tíreolaíocht. Beidh trí ábhar le roghnú agat sa Chéad Bhliain agus leanfaidh tú ar aghaidh le dhá ábhar onóracha don chéim.
Eolas faoi na teagascóirí
Cad a deir ár mic léinn
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)