Forléargas ar an gCúrsa

Páirtnéireacht eisceachtúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Raidió Teilifís Éireann is ea an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) atá á chur ar fáil trí mheán na Gaeilge ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge san Ollscoil. Faoin bpáirtnéireacht seo, déanfaidh tú staidéar agus anailís chriticiúil ar na meáin agus ar chruinnscríobh na Gaeilge san Ollscoil agus ar líne; agus déanfaidh tú staidéar ar chleachtais ghairmiúla chomhaimseartha sna meáin in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i gConamara agus i mBaile Átha Cliath. Cur chuige nuálach agus tarraingteach é seo: beidh deis agat tréimhsí suntasacha a chaitheamh ar láithreacha oibre RTÉ le linn an chláir, ní mar ghnáth-intéirneach, ach mar mhac léinn a bheidh faoi stiúir acadúil leanúnach. Ar an gcaoi sin gheobhaidh tú taithí luachmhar san iriseoireacht, sa chraoltóireacht, agus i gcruthú ábhair d'ardáin ilmheán, agus tú ag feidhmiú mar 'chleachtóir machnamhach' sa mhórchraoltóir náisiúnta.

Tá an clár 90 ECTS seo ar fáil in imeacht aon bhliain amháin (lánaimseartha) nó go páirtaimseartha in imeacht dhá bhliain. Is féidir tabhairt faoin gclár ar bhonn modúil. Beidh mic léinn i dteideal na cáilíochta Dioplóma Iarchéime ach 60 ECTS a bhaint amach sa chlár múinte, nó dul ar aghaidh agus an cháilíocht Máistir i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin a bhaint trí thionscadal taighde féinstiúrtha a chur i gcrích go sásúil agus na creidiúintí 90 ECTS a bhaint.

Láithreacha an Chláir

Reáchtálfar an clár trí mheán na Gaeilge in ionaid éagsúla de chuid Ollscoil na Gaillimhe, agus go cianda tríd an bhfoghlaim chumaisc. Sa chéad seimeastar beidh tú lonnaithe san iarthar: ar champais Ollscoil na Gaillimhe; i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta; agus i stiúideo nuachta RTÉ i mBaile na hAbhann. (Ag brath ar éileamh, d’fhéadfá a bheith lonnaithe ar feadh tréimhse i stiúideonna RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, sna Doirí Beaga nó i mBaile na nGall, de réir mar a fheileann.) Sa dara seimeastar beidh tú lonnaithe in oirthear na tíre, in aonaid Ghaeilge éagsúla de chuid RTÉ i nDomhnach Broc, Baile Átha Cliath. Sa tríú seimeastar cuirfidh tú tionscadal taighde féinstiúrtha (tráchtas scríofa nó tionscadal taighde praiticbhunaithe) i gcrích as láithreacha éagsúla. Mar chuid den fhoghlaim chumaisc agus ar líne cuirfear ceardlanna rialta ar fáil.

Iarratais agus roghnúchán

Cuirtear isteach ar an gclár seo ar líne ag: https://nuigalway.elluciancrmrecruit.com/Apply/Account/Login

Féadfar agallamh a shocrú le hiarrthóirí d’fhonn a gcumas sa Ghaeilge a mheas, agus, de réir mar a fheileann, féadfar samplaí den obair ábhartha atá déanta ag iarrthóirí sna meáin nó i réimsí gaolmhara roimhe seo a iarradh. 

Eolas faoi na teagascóirí

Aodh Ó Coileáin, BA, LLB, LLM - Léachtóir sna Meáin
Seán Breathnach, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
An Dr Dan Dwyer, PhD, BA, MA, A.Diop. i gCumarsáid Fheidhmeach - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Carmel Ní Bhriain, BA, MA, Diop. sa Ghaeilge - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Fionn Ó Sealbhaigh, BA, MA - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Norita Ní Chartúir, BA, A.D.O - Léachtóir in Aonad Léann na Cumarsáide
Gearóid Ó Cadhain, BSc, MSc - Léachtóir in Aonad Theicneolaíocht na Faisnéise
An Dr Rose Ní Dhubhda, PhD - Léachtóir san Aonad Aistriúcháin & Ateangaireachta

Riachtanais agus measúnú

Déanfar measúnóireacht ar an gclár múinte go príomha tríd an measúnóireacht leanúnach.
Déanfar measúnóireacht ar an Tionscadal Taighde Féinstiúrtha ag deireadh an chláir.